One Direction

‘What makes you beautiful,’ by One Direction, as Gaeilge

Is tú is áílle ‘tá beo   by TG Lurgan

‘Bhfuil tú buartha? Is mór an t-ádh.
Chuile shúil ort nuair a thagann tú isteach.
Smidiú? Ná bac! Gan chaoi, gan fáth.
A bheith duit féin bíonn tú sách breá.

Réamhchurfá
‘Sé gach uile ní fút a dhéanann saol dom
Gach uile ní atá fút

Curfá
Aontaím mo chroí leat, mar las tú mo shoilse shaoil,
Nuair a chas tú an uair sin, bhí mo ghrá i mbaol.
Ní fhéadfainn caint leat le mo chroíse i mo bhéal
Gan aon stró, o, o
Cinnte ‘s tú is áille

Dá mbeadh mé in ann, bhreathnóinnse ar d’aoibh
In san slí ceannan céanna is a bhfeicfimid,
Caillte, gan focal a rá, ‘s ní chreidim í
Gan aon stró, o, ó
Cinnte ‘s tú is áille ‘tá beo o ó,
Cinnte ‘s tú is áille ‘tá beo

So, lean orm, is tar anois liom,
Chun áird a thabhairt ar d’áilleacht trí amhrán.
Níl ‘fhios a’m féin, an chaoi a dtéann
Tú i bhfad uaim, ‘s mo mholta curtha i gcéin.

Réamhchurfá
Curfá

Na na na na na na na na na na
Na na na na na na na na na na

Curfá
Curfá