Stad!

Dráma ar ‘Anti-bullying’

Inné, tháinig an ‘Stop agus Stare Production’ go dtí Scoil na mBuachaillí in Áth Trasna. Bhí sé bunaithe ar mhaistíneacht. Bhí drámaíocht, damhsa agus scréadaíl sa dráma. Bhí Liam Ó Dochartaigh i gceannas air. Bhí Katie agus John ag cuidiú leis. Chuaigh na ranganna eile isteach sa halla agus tháinig tuismitheoirí isteach freisin.
I mo thuairim bhí sé go hiontach. Bhain gach duine taitneamh as. Tháinig na múinteoirí isteach ar a dó a chlog chun an drama a fheiceáil. Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an lá sin go deo na ndeor.

Jamie Ó Cionnaolaidh, Rang 5

Inné

Inné tháinig Liam Ó Dochartaigh go dtí an scoil agus bhí Katie agus John in éineacht le Liam. Bhí siad ag cuidiú le Liam. Bhí sceitch bunaithe ar mhaistíneacht ar siúl. Bhí Liam í bhfeighil an seisiúin. Chuaigh rang a cheathair, cúig agus rang a sé go dtí an seisiúin. Rinne gach duine dráma. Bhí Katie ag damhsa le na páistí. Nuair a chonaic Ben agus Dylan an chliseadh, thosaigh siad ag screadaíl. Nuair a bhí an chleachtadh críochnaithe acu, tháinig na tuismitheoirí agus ranganna eile go dtí an halla. Bhí siad ag féachaint ar an drámaíocht agus bhain gach duine taitneamh as.
I mo thuairim, bhí sé go hiontach. Bhí an-spórt againn agus ní dhéanfaidh mé dearmad ar an lá sin go deo na ndeor.

 J.J. Ó Croinín, Rang 5

Dráma

Dé Luain a bhí ann. Bhí ‘Stop agus Stare’ ar siúl. Bhí Liam Ó Dochartaigh i gceannas air. Bhí Katie agus John ag cuidiú leis. Bhí mé ag damhsa agus ag déanamh dráma. Bhí an dráma fada. Dúirt Liam go raibh mé go maith ag an damsha. Chuaigh na tuismitheoirí go dtí an dráma. Bhí mé ag screadaíl in éineacht le Ben. Is maith liom an drámaíocht. Bhí an-spórt agam. Tar éis an dráma, bhí an múinteoir ag caint le Liam. Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an lá sin go deo na ndeor.

Cian Ó Crualaoi,  Rang 6

Category: Tuairisc
You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0 feed.Both comments and pings are currently closed.

Comments are closed.