Lá cois farraige

Lá amháin i dtús an tsamhraidh, d’éirigh an chlann go moch ar maidin. Chuaigh an chlann go dtí an trá. Shroich siad an trá ar a trí a chlog. Bhain Rossa a t-léine agus bríste di.  Bhí culaith snámha faoin t-léine agus bríste. Bhí an ghrian go hárd sa spéir. Thosaigh siad ag imirt peile in éineacht le liathróid. Bhí an-spórt acu.

Rinne Mamaí picnic. Bhí ceapairí, flaigín tae agus cannaí oráiste sa phicnic. Bhí Gordo ag pleidhcíocht  in éineacht le gaineamh agus bhí gaineamh ar fud na háite ar an mbia.

Chaith siad an trathnóna ar an dtrá. Cheannaigh Daidí uachtar reoite de gach saghas. Bhí Mamaí  ina luí mar bhí sí  tuirseach traochta. Bhí Rossa ag snámh. Bhí Daidí faoin gaineamh agus shuigh Gordo síos ar a cheann. Taréis tamaill, chuaigh an chlann  abhaile. Ag deireadh an lae, bhí na páistí sona sásta agus dúirt Mamaí “Seo é an saol”.

Cian Crowley, Rang a Sé

Category: Athchoimire
You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0 feed.Both comments and pings are currently closed.

Comments are closed.